Morf (ePub)
(Sprache: Irisch)
Ba bhreá le Eric dá mbeadh cara aige. Bíonn Mam agus Daid chomh gafa sin lena dheirfiúracha óga nach mbíonn siad ábalta an oiread sin ama a chaitheamh leis-sean. Nuair a thagann Morf, áfach, níl Eric róchinnte an é an cineál sin carad a theastaíonn uaidh in...
Leider schon ausverkauft
eBook
6.26 €
- Lastschrift, Kreditkarte, Paypal, Rechnung
- Kostenloser tolino webreader
Produktdetails
Produktinformationen zu „Morf (ePub)“
Ba bhreá le Eric dá mbeadh cara aige. Bíonn Mam agus Daid chomh gafa sin lena dheirfiúracha óga nach mbíonn siad ábalta an oiread sin ama a chaitheamh leis-sean. Nuair a thagann Morf, áfach, níl Eric róchinnte an é an cineál sin carad a theastaíonn uaidh in aon chor. Deir Morf go bhfuil sé ag iarraidh cabhrú leis, ach an é leas Eric atá á dhéanamh aige indáiríre? Úrscéal nua do dhaoine óga é Morf leis an údar aitheanta Orna Ní Choileáin. Bhuaigh Morf Duais Oireachtais in 2015.
Autoren-Porträt von Orna Ní Choileáin
Tá duaiseanna sa phrós cruthaitheach, san fhilíocht, sa drámaíocht agus sa ghearrscéalaíocht gnóthaithe ag Orna Ní Choileáin in Oireachtas na Gaeilge agus ag féilte Gaelacha eile. Cé nach raibh an Ghaeilge ag an dá ghlúin a chuaigh roimpi, tá Orna iontach bródúil an deis a bheith aici an teanga a fhoghlaim.Tá mórshuim ag Orna sa cheol Gaelach freisin. Bhuaigh sí duaiseanna i gcomórtais ardáin an Oireachtais, Feis Mhaitiú agus an Fheis Cheoil áit ar bhronnadh ard-ghradam na mbuaiteoirí Máirtín Uí Dhiomsaigh uirthi chomh maith. Tá Órghradam an Uachtaráin bainte amach aici. Roghnaíodh í chun taispeántais a dhéanamh do Gaisce, Ghradam an Uachtaráin agus ag searmanais bhronnta idirnáisiúnta i gCeanada agus arís in Hong Kong ina dhiaidh sin, áit a raibh lucht éisteachta idirnáisiúnta aici, agus ceannairí ríoga ina measc, agus í i mbun cainte agus amhránaíochta. Is maith léi mianach na scéalaíochta sna hamhráin agus ba é sin a ghríos chun pinn í.
Tá dhá chnuasach gearrscéalta léi foilsithe: Sciorrann an tAm, a bhí ainmnithe ar ghearrliosta Gradam Uí Shúilleabháin 2014 agus roimhe sin Canary Wharf.
Tá sraith úrscéal vaimpíre léi do léitheoirí óga foilsithe a bhfuil an greann ag croílár na scéalta. Sa sraith, tá Ailfí agus an Vaimpír, Vaimpír san Áiléar, I Measc Vaimpírí agus beidh Greim na Vaimpíre le fáil in 2016.
Tá dráma dar teideal 'Bun go Barr' comhscríofa aici chomh maith. Bhí sé ar an gcéad dráma Gaeilge le haghaidh páistí léirithe ar stáitse timpeall tuaisceart Éireann.
Bibliographische Angaben
- Autor: Orna Ní Choileáin
- 2016, Irisch
- ISBN-10: 185791922X
- ISBN-13: 9781857919226
- Erscheinungsdatum: 31.03.2016
Abhängig von Bildschirmgröße und eingestellter Schriftgröße kann die Seitenzahl auf Ihrem Lesegerät variieren.
eBook Informationen
- Dateiformat: ePub
- Größe: 2.06 MB
- Mit Kopierschutz
Sprache:
Irisch
Kopierschutz
Dieses eBook können Sie uneingeschränkt auf allen Geräten der tolino Familie lesen. Zum Lesen auf sonstigen eReadern und am PC benötigen Sie eine Adobe ID.
Kommentar zu "Morf"
0 Gebrauchte Artikel zu „Morf“
Zustand | Preis | Porto | Zahlung | Verkäufer | Rating |
---|
Schreiben Sie einen Kommentar zu "Morf".
Kommentar verfassen